Blitz Cúillí Seachtain na Gaeilge

Ar an Aoine seo caite, i halla Choláiste Naomh Brendan i mBéal an Muirthead, bhí blitz cúillí ar siúl ag an gclub do pháistí. Ghlac breis agus 60 páiste páirt agus chuir siad a gcuid iarrachtaí ar fad isteach san iománaíocht agus i labhairt na Gaeilge. Ag deireadh an bhlitz, bhronn Emer as Gaeilge Iorrais duaiseanna Gaeilge ar na páistí a bhain an úsáid is mó as an teanga ar an lá agus bhronn an club boinn óir ar na páistí ar fad. Táimid thar a bheith buíoch do Sheachtain na Gaeilge, Gaeilge Iorrais agus d’oibrithe deonacha an chlub as an gcabhair a thug siad dúinn le linn an imeachta a reáchtáil.

On Friday last, in the hall at Coláiste Naomh Brendan in Béal an Muirthead, the club hosted a cúillí blitz for children. More than 60 children took part and put all their efforts into hurling and speaking Irish. At the end of the blitz, Emer from Gaeilge Iorrais presented Irish awards to the children who made the most use of the language on the day and the club presented gold medals to all the children. We are extremely grateful to Seachtain na Gaeilge, Gaeilge Iorrais and the club’s volunteers for the help they gave us in hosting the event.